Sult ag caint le Brendan Gleeson

News

5 March, 2012
Sult ag caint le Brendan Gleeson
Tá réiteach ar fhadhb na Gaeilge ag Brendan Gleeson dár leis. Tá deighlt o thaobh tuairimí den teanga le blianta fada anuas, ach creideann Gleeson go bhfuil a fhios aige cén chaoi chun muintir na hÉireann ar fad a chuir ag labhairt a dteanga dúchais arís.

Trí cosc a chur air!

"Má chuirtear cosc iomlán uirthi, sin é an uair a bheidh chuile dhuine ag iarraidh í a labhairt!" a deir Gleeson.

"Is aisteach an dream muid. Dá gcuirfí cosc iomlán ar an Ghaeilge, thiocfadh athbheochan den scoth as!"

Tá fear Bhaile Átha Cliath sa bhaile arís chun taifead a dhéanamh d'úrscéal Flann O'Brien At Swim Two Birds.

Rinne a scannán The Guard gnothú thar na bearta anuraidh agus anois tá sé réidh chun tabhairt faoina chéad phost mar stiúrthór tar éis cistiú a fháil i mí Iúil seo caite, faoi dheireadh.

"Tá an script agam ar feadh deich mbliana anois", a d'admháil Gleeson.

"Is dúshlán ollmhór é. Is leabhar an-chasta, craiceáilte í. Agus chomh maith leis sin, caithfear rud éicint eile a dhéanamh den scéal, mar ní bheidh mé in-ann na pléascanna intinne dochreidithe atá sa leabhar a chuir ar an scáileán. Tá sé do-dhéanta!"

"Ar bhealach is dócha go gcuirfidh an scannán díomá orthu siúd atá ag súil go mbeidh mé in ann a bheith go hiomlán dílis don leabhar, nó an leagan den scéal atá acu féin ina nintinn"

Is iad an Irish Film Board agus Film Fund Luxembourg a bheidh ag déanamh léiriúchán ar an scannán seo, agus idir eatarthu beidh €7.5m dá chuir sa tionscadal acu.

Is scéal í a mheascann miotaseolaíocht na hÉirinn le saol na mic léinn i mBaile Átha Cliath, le Fionn Mac Cumhaill agus Rí Suibhne ag freastal ar tithe thábhairne Bhaile Átha Cliath.

Is scéal í a thaitníonn thart cíonn le Gleeson, a léigh ar dtús é nuair a bhí sé ina mhac léinn.

"Thit mé as mo leaba ag gáire nuair a léigh mé At Swim Two Birds don chéad uair, nuair a bhí mé 17. Is ardéirim ceart é O'Brien. Tá an scéal bunaithe in am faoi leith, ach aithneoidh aon duine a chaith am ar bith i mBaile Átha Cliath na carachtairí atá ann.

"Bhí sé tábhachtach dom a fháil amach an raibh sé fós ábhartha sa lá atá inniu ann, agus dá bhrí sin bhí léacht againn roinnt blianta ó shin agus bhí sé an-suimiúl dom éisteacht le céard a bhí le rá ag an dream óg faoi.

"Bhí iontas orm, ach fuair siad é. Tuigeann siad faoi fanacht sa leaba rofhada, go mbeidh tochas ionat! Agus ag dul le haghaidh slám piontaí in áit a dhul ag obair. Bhí an scéal bainteach dóibh ar fad. Tá mé chun é a bheith bunaithe sna 1930í, mar níl cuid den scéal ábhartha níos mó, ach tá formhór den scéal chomh ábhartha anois agus a bhí riamh."

Tar éis páirteanna chomh trom le Michael Collins agus Winston Churchill a léiriú, tá Gleeson ag tnúth go mór le bheith taobh thiar den cheamara. Agus tá aisteoirí Éireannach den scoth ag tógáil páirt sa scannán.

"Tá Gabriel Byrne, Cillian Murphy, Colin Farrell, Michael Fassbender agus Liam Cunningham faoi chonradh againn.

"Tá an tallann is fearr fáighte againn, agus tá sé riachtannach go mbeadh aisteoirí den scoth againn chun na páirteanna casta seo a léiriú. Caithfidh tú tabhairt faoiar léibheal ard nó ní fiú é a dhéanamh.

Bhí an cháill ar O'Brien mar gheall ar a cholúin Gaeilge agus leabhair ar nós Myles Na gCopaleen, agus ceapfainn Gleeson go
bhfuil nasc aige leis an Ghaeilge. Fiú má chuir cuid de na haistriúcháin a rinne O'Brien ar shean téacsanna Gaeilge mearbhall air.

"Tá na haistriúcháin a rinne Flann faoi Suibhne tógtha díreach ó na téacsanna Ceilteach, ach déanann sé beagán magadh leis on líne deireannach.

"D'fhás sé suas mar Ghaeilgeoir. Bhí grá aige don teanga, ach bhí an ghráin aige ar an seafóid a théann leis. Ach tá go leor den seafóid sin imithe anois.

Dár le Gleeson tá sár iarracht déanta ag TG4 chun an Ghaeilge a tharraingt isteach sa 21ú haois, agus creideann sé go bhfuil an stáisiún an-thábhachtach do thodhchaí an teanga.

"Is nasc é do 2000 bliain d'ár stair. Tiocfaidh athrú ar íonacht teanga i gcónaí, ach tá rud éigean dár phearsantacht mar thír nach bhfuil le fáil ach sa nGaeilge.

Bhí fear, Gearóid Denver, a mhúin Gaeilge dúinn sa gcoláiste, agus dúirt sé linn go mbeadh daoine i gcónaí ag cuir ceist orainn cén fáth go raibh muid ag foghlaim an teanga. Agus sén freagra a bhí aige ná "dá mbeadh do mháthair ag fáil bás, ní ligfeá cead di fáil bháis léi féin".

Séard a bhí i gceist ná go raibh, agus go bhfuil, muid ag teacht chuig deireadh bóthar fada. Ní féidir linn cuimhniú ar Ghaeilge mar bhealach chun labhairt gan Béarla. Ní thárlóidh sé mar sin. Tá TG4 ag fáil réidh le go leor den sean mheon sin faoin Ghaeilge. Agus tá a gcuid cláir ar chuid de na cláir is cruthaitheach ar an teilifís. Tá an iomarca den teilifís anois faoi daoine atá ag lorg clú agus cáil, léithidí X-Factor agus iad sin. Agus níl aon fhírinne ag baint leis an cineál sin teilifís. Bhuel, ní aon suim agamsa sna cláir sin, ní labharaíonn siad liom, ná le aon duine a bhfuil aithne agam orthu.

Tá an teanga ag athrú, tá daoine ag foghlaim faoi 2000 blian do chríonnacht agus craic. Tá an deis againn anois rud éicint a dhéanamh leis an Ghaeilge, agus ní cheart dúinn scaoileadh leis.

To read this article in English click here.




About this author

dave.coughlan@thestar.ie
Staff Reporter
Recent Articles by this author
12 October, 2012
Actor Matt Smith cemented his place in Doctor Who history today — and ...
28 September, 2012
Gorgeous Rosanna Davison has become one of Europe’s most sought-after ...
27 September, 2012
Harry Potter author JK Rowling’s first adult book was yesterday panned ...
4 September, 2012
SPICE Girl Geri Halliwell has revealed she staked money on Jedward ?becoming ...